username:

password:



 

 Songs
 Albums
 Diggers
 Comments
 Blogwalls

 About
 Email Me


445,329 Albums + 604,843 Individual Songs
Send
Send
 
 
Descriptions

XCIX Bliain Ó Cuireadh Síol – 2k15 Gaeilge gan Eagla


Playing Next: Bryan Adams - All I Want Is You
Random Page  /  Random Song


Seas i spiorad le mná & fir 1916 agus labhair amach as Gaeilge gan fuacht nó faitíos. Laoise Ní Nualláin le scoláirí chúrsa B 2014 lena leagan fhéin de “99 Red Balloons” le Nena. Bhí an “Kazoo Ensemble” (200 acu) ba mhó riamh in Éirinn rannpháirteach.
Mp3/WAV: http://bit.ly/XCIXBliain
Anois ar Spotify: https://open.spotify.com/track/6Nf5us8bAgGUXVyh9u6pIP?si=kLCV3i0xReSp-HJvckmjyw
Instagram: https://www.instagram.com/tg.lurgan/?...
Twitter: https://twitter.com/tglurgan?lang=en
Facebook: https://www.facebook.com/tglurgan/
Website: https://lurgan.biz/
Breacadh an lae ‘s mé i mo shuí,
An ghrian ag ardú ag smaoiniú faoi
Róthaí an tsaoil ag casadh thart
Gach rud togha, gach rud ceart
Ag breathnú siar chuig tús na slí
Níor theastaigh uathu riamh aon Rí
Ní ghéillfidh muid go mbeidh muid saor
Naocha naoi bliain ón oíche aréir

Naocha naoi bliain ‘tá thart
Aisling fós ag dul i neart
Barr an scéil ár dteanga fhéin
B’in í a mian go mbeadh sí linn
Gan bheith faoi chois b’in í a rogha
Seas an fód, beidh gach rud togha
‘S iad a ghoil sa mbearna bhaol
Naocha naoi bliain ó cuireadh síol

Naoch naoi bliain imí thart
Cuir an cheist “’bhfuil gach rud ceart?”
Ár dtírín álainn sona sásta
Lár an aonaigh, saoirse geallta
Las an tine, croch do cheann
Seo anois, seo’d é an t-am
Ár dtodhchaí inár lámha fhéin
Naocha naoi bliain ón oíche sin

Naocha naoi bliain ‘nois ón am
D’éirigh óg ‘s aosta amach
Lasadh solas geal na saoirse
Mairfidh sé ar feadh na cianta
Ag suí anseo ag crú na gréin(e)
Airím slán i m’intinn fhéin
Seasfaidh muid i spiorad leo
Labhairt na Gaeilge bhinn go deo

Naocha naoi bliain ‘tá thart
Aisling fós ag dul i neart
Barr an scéil ár dteanga fhéin
Ba í a mian go mbeadh sí linn
Gan bheith faoi chois b’in í a rogha
Seas an fód, beidh gach rud togha
‘S iad a ghoil sa mbearna bhaol
Naocha naoi bliain ó cuireadh síol


© 2021 Basing IT