Ar an Loing seo Phaddy Loinsigh bím ag déanamh bróin,
Ag osnaíl ins an oíche 's bím ag síorghol sa ló.
Anois ó dalladh m'intinn 's mé i bhfad ó mó mhuintir
Dar m'fhocal is maith a chaoinimse Contae Mhaigh Eo.
'Gus liostáil mé le sáirsint ar shráid baile mhóir
Shíl mé gur bhreá an rud é nuair a bhí mé bocht óg.
Thug sé gloine is cárt dom is gunna le mé a ghardáil
'S shíl mé fhéin go mb'fhearr liom é ná i Contae Mhaigh Eo.
'Gus marach bás mo mháthar bheinn maith go leor.
Bheadh buidéal ins gach láimh liom 's mé i gcomhluadar ban óg.
Murach síor-ól na gcartaí agus an dlí a bheith ró-láidir
Ní i Santa Cruz a fágfaí mo chnámha faoin bhfód.
Tá punt is fiche amuigh orm i gContai Maoigh Eo
Ní dheachaigh mé dá éileamh le bliain anois nó dhó,
'Faitíos go mbéarfaí thiar orm is go gcrochfaí í ngeall ar fhiacha mé,
'S go bhfáiscfí boltaí iarainn ar bharriallacha mo bhróg.
Go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt don Abhainn Mhóir,
Go dtaga an toimín luachair ag buachailleacht na mbó,
Go n-osclaítear na cófraí atá at mhullach Bheanna Beola
Ní scarfaidh mo chúl go deo leat a Chontae Mhaigh Eo