Tá Jenny ar ais! Taifeadaithe beo aláinn don amhrán \"Angel of Death and the Codeine Scene\" le Hozier á casadh ag Jenny Ní Ruiséil agus grúpa ceoil cúrsa B
Buíochas mór leis an bhfoireann ar fad i Telegael a thug cúnamh dúinn leis an gceann seo.
Liricí:
Breathnaím go géar ar an tine ba láidre
Á dtógáil féin idir m’analú
‘g tarraingt do mhuintir le chéile le gliondar
sciatháin ag crith leis an eitilt ‘tá romhat
Scaoilte leis chuig an leannáin ‘tá breoite
N’fheadar an liom fhéin a bhéas mé san oíche?
Deacair d’éinne aon fháilte a chuir roimh
An oiread sin éad is easaontu faoi
Curfá:
Lena haoibh comh geal, is an, teanga binn
I ‘sí, solas na sléibhte, is mo chroí-se mín
Is an mhéith tíre, lán le cuimhní cinn
I ‘sí, solas na sléibhte is mo chroí-se mín
Spíonta sa chiúnas is gafa faoin deis mo
Chroí a chur ann go réchúiseach roimpi
Úire na spéire sa ghoirt linn á mbeathú
Nach mór an t-ádh linn gur chas muid arís
Spianta sa chiúnas is gafa faoin deis mo
Chroí a chuir ann go réchúiseach roimpi
Úire na spéire sa ghort linn á mbeeathú
Nach mór an t-ádh linn
Gur chas muid arís
Curfá
Lena haoibh comh geal, is an, teanga binn
I ‘sí, solas na sléibhte, is mo chroí-se mín
Is an mhéith tíre, lán le cuimhní cinn
I ‘sí, solas na sléibhte is mo chroí-se mín
M’intinn ar sheachrán is mé leis á leanúint
Iontas na n-iontas ach mhair mé in ‘aghaidh
Firic na focla ‘teacht salach ar m’fhís
an teas ó mo bhéal ‘g fógairt dom dul ar aghaidh